Ráiteas ón gCathaoirleach
"Ní hamháin go raibh feidhmíocht láidir airgeadais ann ach bhí feidhmíocht stóinsithe i dtéarmaí tréchuir ann leis. Cé go raibh leibhéil ioncaim níos ísle ann mar thoradh ar na méideanna tréchuir ísle, bhíomar in ann ár gcostais oibriúcháin a laghdú sa chaoi gur coinníodh Brabús Oibriúcháin agus EBITDA ag leibhéil 2019."
Jerry Grant, Cathaoirleach
Athbhreithniú Trádála agus Airgeadais
Níl aon amhras ach gur bhliain dheacair a bhí i 2020 dúinn in Éirinn – don tsochaí ina hiomláine agus don gheilleagar araon. Le linn phaindéim Covid-19 a bheith ar siúl nuair a buaileadh an tír ag an gcéad tréimhse ghlasála i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine, tháinig laghdú ollmhór ar mhéideanna trádála ag teacht trí Phort Bhaile Átha Cliath. Mar thoradh air sin, d’athchóirigh an Comhlacht a hionchais Bhuiséid do 2020 síos ó fhás méid réamh-mheasta de 4% don bhliain go laghdú féideartha de 23%.
Ba léir an tábhacht a bhaineann le Port Bhaile Átha Cliath do gheilleagar oscailte na hÉireann agus dár gcumas trádáil a éascú i rith na bliana 2020. D’ainneoin dhúshláin Covid-19 agus na ndúshlán eile a bhaineann le Brexit, bhí an laghdú ar an méid i bhfad níos lú ná an eagla a bhí ann agus b’ionann tréchur don bhliain agus 36.9m tona arb ionann le laghdú 3.3% ar thréchur 2019 (38.1 m tona). Bhí toirteanna luainithe dothuartha ann i rith na bliana ó ráithe go ráithe:
- Bhí an chéad ráithe de 2020 mall ( 4.9 %) i gcomparáid leis an gcéad ráithe láidir i 2019 a bhí faoi thionchar stoc-charnadh Brexit roimh an gcéad dáta a beartaíodh i gcomhair Brexit an 31 Márta 2019
- Bhí an dara ráithe de 2020 an-deacair ( 17.0%) mar gheall ar an bpaindéim le laghduithe an-mhór ar mhéideanna i mí Aibreáin ( 26.2%) agus Bealtaine ( 20.5%)
- Mar sin féin, tháinig méadú +1.1% ar mhéideanna sa tríú ráithe
- Tháinig deireadh leis an mbliain sin le ceathrú ráithe an-láidir (+ 7.6 %) faoi stiúir an dara babhta a bhí mar bhabhta deiridh de stoc-charnadh Brexit. Laistigh den cheathrú ráithe, i mí na Nollag amháin bhí na méideanna chun tosaigh faoi +21.7%
I dtéarmaí foriomlána, ní raibh an trádáil aonadaithe (Ró-Ró agus Ló-Ló le chéile) ach 2% níos ísle ná mar a bhí i 2019 agus bhí na bulcmhodhanna 9.8% níos ísle ná mar a bhí an bhliain roimhe sin.
Mar chuid de na bulcmhodhanna, tháinig méadú suntasach arbh ionann le 7.6% ar bhulcsholaid le linn na bliana agus tháinig laghdú 17% ar an earnáil bulcleachtach. Is ionann an laghdú i mbulcleachtanna agus os cionn 62% den laghdú foriomlán don bhliain agus léiríonn sin an leibhéal níos ísle d’allmhairí breosla mar thoradh ar ghníomhaíocht eacnamaíoch níos ísle agus go háirithe na leibhéil ísle gníomhaíochta a bhí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Ní hamháin go raibh feidhmíocht láidir airgeadais ann ach bhí feidhmíocht stóinsithe i dtéarmaí tréchuir ann leis. Cé go raibh leibhéil ioncaim níos ísle ann mar thoradh ar na méideanna tréchuir ísle, bhíomar in ann ár gcostais oibriúcháin a laghdú sa chaoi gur coinníodh Brabús Oibriúcháin agus EBITDA ag leibhéil 2019.
Is iad seo a leanas na príomhphointí i ndáil leis sin:
- Tháinig laghdú 6.6% ar an láimhdeachas ó €92.7m go dtí €86.6m
- Tháinig laghdú 11.1% ar chostais oibriúcháin ó €48.5m go dtí €43.1m
- D’fhan Brabús Oibriúcháin ag €44.2m
- D’fhan tuilleamh roimh ús, roimh cháin, roimh dhímheas, agus roimh amúchadh (EBITDA) ag €53.9m
- Tháinig laghdú 11.4% ar an mBrabús don Bhliain Airgeadais ó €38.6m go dtí €34.2m
Máistirphlean Phort Bhaile Átha Cliath 2040 – Athbhreithnithe in 2018
Is é raison d’etre Chomhlacht Chalafort Átha Cliath an bonneagar calafoirt is gá chun trádáil idirnáisiúnta earraí a éascú a sholáthar. Agus é sin san áireamh, tá an Bord ag díriú ar a chinntiú go seachadtar cumas poirt in am trátha chun freastal ar riachtanais eacnamaíocha na tíre san fhadtéarma.
Cuireann Máistirphlean an Chomhlachta 2040 – Athbhreithnithe in 2018 fís i láthair d’fhorbairt an Chalafoirt amach anseo agus scrúdaítear go grinn ann conas an úsáid is fearr a bhaint as an talamh atá faoi láthair ag Port Bhaile Átha Cliath.
Tá an Máistirphlean curtha le chéile ag DPC d’fhonn:
- Plean d’fhás inbhuanaithe amach anseo agus d’athruithe chun trádáil muiriompartha a éascú in earraí agus i ngluaiseachtaí paisinéirí go hÉirinn agus go dtí réigiún Bhaile Átha Cliath agus uaidh go háirithe,
- Comhthéacs foriomlán a sholáthar do chinntí infheistíochta amach anseo,
- Beartais reatha náisiúnta agus réigiúnacha, treoirlínte áitiúla agus tionscnaimh áitiúla a léiriú agus foráil a dhéanamh maidir leo,
- A áirithiú go mbeidh comhchuibheas ann idir na pleananna don Chalafort agus na pleananna do Limistéar Dugthailte Bhaile Átha Cliath, Cathair Bhaile Átha Cliath agus contaetha in aice láimhe laistigh de mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath,
- Cinnteacht a thabhairt do chustaiméirí faoin gcaoi a bhforbróidh an Calafort amach anseo chun a gcuid riachtanas a chomhlíonadh.
Ullmhaíodh an Máistirphlean tar éis don DPC dul i dteagmháil go forleathan le páirtithe leasmhara, agus léiríonn sé sin an chaoi a n-oibreoidh an DPC chun an Calafort a chomhtháthú níos fearr leis an gCathair agus le muintir Bhaile Átha Cliath.
Tionscadal Athfhorbartha ‘Bháisín Alexandra’
Le linn 2020 leanamar ar aghaidh leis an gcéad cheann de na trí thionscadal um Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh (SID) a chur chun feidhme a bhfuil gá leo chun an fhís iomlán den Mháistirphlean – an Tionscadal Athfhorbartha Bháisín Alexandra (ABR) a sheachadadh.
Chomh maith le hacmhainn láimhseála lastais bhreise a chur ar fáil, rannchuidíonn an tionscadal ABR le saoráidí calafoirt a phrofáil amach anseo trí chóiríocht a chur ar fáil do shoithí níos mó ó thaobh fad agus tarraingt soithí araon.
I measc na bhforbairtí tá ballaí reatha an ché a dhoimhniú agus a shíneadh, soláthar nua 250 méadar ar fad de lamairne Ró-Ró mar aon le dhá bheart nua de chuid Ró-Ró laistigh den abhantrach istigh, líonadh an abhantraí ag bearta 52/53, tógáil leaba abhann nua agus dreidireacht an chainéil loingseoireachta go doimhneacht 10m faoi bhun an tagra cairte.
I rith na bliana, chinn an Comhlacht gan dul chun cinn a dhéanamh le hathfhorbairt an tSínidh ar Ché an Phoirt Thuaidh mar chuid den Tionscadal ABR chun beart a chur ar fáil do na longa cúrsála is mó tar éis próiseas comhairliúcháin phoiblí ar eascair foilsiú na tuarascála maidir le Comhairliúchán Cúrsála as in Aibreán 2020.
Ló-
Ló
Tionscadal MP2
I mí Iúil 2020, thug an Bord Pleanála cead pleanála cúig bliana déag don Tionscadal MP2, an dara ceann de na trí SID a theastaíonn chun Máistirphlean 2040 a sheachadadh.
Leis an gcead pleanála sin, beifear in ann dhá bheart a thógáil a mbeidh fad iomlán 545 méadar acu i gcás longa coimeádáin Ló-Ló agus dhá leaba a mbeidh fad iomlán 572 méadar acu i gcás báid farantóireachta Ró-Ró. Áireofar leis an tionscadal athfhorbairt a dhéanamh ar cheann de na lamairní ola atá ann cheana chun beart breise a chur ar fáil do longa coimeádáin nuair agus de réir mar a laghdóidh an t-éileamh ar bhreoslaí iontaise go buan mar fhreagairt ar bheartais náisiúnta maidir leis an athrú aeráide.
Déanann an Tionscadal MP2 foráil freisin d’fhorbairt chrios oidhreachta ag an gceann thoir de Phort Bhaile Átha Cliath mar an pointe críochnaithe don timthriall 3.2 ciliméadar agus an bealach glas do choisithe a bheidh le tógáil feadh imeall thuaidh an chalafoirt ag breathnú amach ar Inbhear na Tulcaí. Tá na bearta comhshaoil seo mar chuid lárnach den MP2 faoi mar a cheadaigh an Bord Pleanála iad. Cuirfear tús le tógáil an bhealaigh ghlais seo i mbliana.
Tá oibreacha a beartaíodh faoi Thionscadal MP2 á bpleanáil faoi láthair agus táthar ag súil go dtosóidh na chéad ghnéithe de siúd i 2022.
Leis an Tionscadal ABR, atá á thógáil faoi láthair, agus an Tionscadal MP2, tá na ceadanna pleanála ar fad a theastaíonn le haghaidh na n-oibreacha forbartha móra atá beartaithe ar an taobh thuaidh den Chalafort faoi Mháistirphlean 2040 faighte anois ag Comhlacht Chalafort Átha Cliath.
Tionscadal 3FM
Baineann an tríú Tionscadal Máistirphleanála – an Tionscadal 3FM – le tailte calafoirt a fhorbairt ar Leithinis an Phoill Bhig agus droichead nua a thógáil trasna na Life chun Bealach Rochtana Calafoirt Theas a chur ar fáil do Thrácht HGV a bhaineann leis an gcalafort. Cuirfidh Tionscadal 3FM go mór le soláthar iompair phoiblí agus roghanna maidir le modhanna gníomhacha iompair i gcóngar Phort Bhaile Átha Cliath agus trasna na Life agus isteach i Leithinis an Phoill Bhig. Cuirfidh an Comhlacht tús le comhairliúchán réamhiarratais leis an mBord Pleanála don Tionscadal 3FM i rith 2021.
Idirphlé Phort Bhaile Átha Cliath Iar-2040
Cé go leanann Comhlacht Chalafort Átha Cliath ag forbairt Port Bhaile Átha Cliath thar na 20 bliain atá fágtha dá Máistirphlean, ní mór dúinn pleanáil a dhéanamh freisin maidir le conas, cathain agus cén áit a bhféadfaí toilleadh breise calafoirt a chur ar fáil ar chósta thoir na hÉireann faoi 2040 chun leanúint leis an bhfás sna blianta amach romhainn ag na leibhéil atá feicthe againn le 70 bliain anuas agus níos mó.
Tá a fhios againn ón taithí atá faighte againn gur tréimhse sách gearr í fiche bliain ó thaobh tionscadail bhonneagair ar mhórscála a chur i gcrích agus tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go dtosóimid ag pleanáil anois, ionas gur féidir leanúint ar aghaidh le bonneagar calafoirt riachtanach a fhorbairt go fadtéarmach ar bhealach tráthúil, inbhuanaithe.
Is i gcomhthéacs aghaidh a thabhairt ar na riachtanais phleanála fadtéarmacha sin a d’fhoilsigh an Comhlacht sraith de sheacht bpáipéar mar chuid d’Idirphlé Phort Bhaile Átha Cliath 2040 i rith na bliana lena chinntiú go mbeidh comhairliúchán luath, cuimsitheach againn ar an tsaincheist thábhachtach náisiúnta seo. Tá sé thar a bheith dúshlánach pleanáil fhadtéarmach a dhéanamh ar bhonneagar mór agus ní féidir tús a chur léi róluath.
Leis na páipéir, d’fhéach an Comhlacht leis na dúshláin atá romhainn a mhíniú agus a chur i gcomhthéacs agus pleanáil á déanamh ar sheachadadh fadtéarmach chumas an chalafoirt chun freastal ar an éileamh a bheidh ann amach anseo ar chósta thoir na hÉireann faoi 2040, nó níos luaithe ná sin.
Tá na tuairimí a chuirtear in iúl sna páipéir bunaithe ar ghlacadh intuigthe leis an gconair forbartha a leagtar amach i Máistirphlean 2040 chun leanúint de Phort Bhaile Átha Cliath a fhorbairt san áit a bhfuil sé go dtí go mbaineann sé a chumas sprioc iomlán de 77 milliún olltonna in aghaidh na bliana a bhaint amach agus leanúint de bheith ag feidhmiú an chumais sin i bhfad i ndiaidh 2040.
Leagtar amach sa pháipéar deiridh dar teideal “Roghanna d’fhorbairt limistéar glas ar thoilleadh breise chalafoirt an chósta thoir” cineál agus scála an dúshláin forbartha mura mbainfear spriocanna Mháistirphlean 2040 amach agus mura gcuirfear toilleadh breise ar fáil i gcalafoirt eile de chuid an chósta thoir, ag glacadh leis go mbainfear amach na réamh-mheastacháin fáis atá ann faoi láthair.
B’ionann sin agus calafort nua a thógáil ag láthair úrnua ar chósta thoir na hÉireann, agus go mbeadh sé réidh le feidhmiú laistigh de 20 bliain faoi 2040. Measaimid go mbeadh costas €3.9 billiún – €4.2 billiún le cur i dtoll a chéile (i bpraghsanna 2020) ag gabháil le port nua, ar a dtugtar DP1.5, sa réigiún, ag glacadh leis go mbeadh dúshláin shuntasacha maoinithe ann agus go bhféadfaí an toiliú riachtanach a fháil chun tionscadal den mhéid sin a sheachadadh.
Agus anailís á déanamh ar na saincheisteanna a chlúdaítear leis na páipéir, tá an Comhlacht tar éis sé cinn de chonclúidí tábhachtacha a bhaint amach:
- Ní mór do Chomhlacht Chalafort Átha Cliath na tionscadail uile atá leagtha amach i Máistirphlean 2040 a thabhairt chun críche chun bonneagar a sheachadadh a mbeidh cumas tréchuir 77 milliún olltonna bliantúil aige faoi 2040.
- Go criticiúil, beidh gá le cead pleanála chun an tríú Tionscadal Máistirphlean agus an ceann deireanach, ar a dtugtar Tionscadal 3FM, a fháil.
- Chun tréchur de 77 milliún olltonna in aghaidh na bliana a bhaint amach faoi 2040, ní hé amháin go gcaithfear na tionscadail bhonneagair uile i Máistirphlean 2040 a chur i gcrích; Ceanglófar leis freisin go dtiocfaidh méadú mór ar éifeachtúlacht oibríochtaí calafoirt ionas go mbeifear in ann úsáid a bhaint as an mbonneagar calafoirt a mhéid is féidir. Chuige sin, ní mór neamhéifeachtúlachtaí sistéamacha in oibríochtaí reatha an tslabhra soláthair a dhíothú.
- Sna 20 bliain amach romhainn, beidh gá le toilleadh breise ag calafoirt chósta thoir eile atá ann cheana ionas gur féidir freastal ar na méideanna nach féidir freastal orthu i mBaile Átha Cliath, de réir mar a théann Port Bhaile Átha Cliath i dtreo a thoillte iomláine.
- I rith na 20 bliain sin, beidh ar Chomhlacht Chalafort Átha Cliath obair a dhéanamh ar thionscadal DP1.5 ionas gur féidir é a thabhairt tríd an bpróiseas pleanála agus tosú ag tógáil faoi 2033 má bhíonn gá leis sin.
- Ní féidir na tionscadail chun acmhainní breise a chur ar fáil i gcalafoirt eile agus an tionscadal chun DP1.5 a thógáil a chur i gcrích ach le tacaíocht Stáit – níl aon cheann de na tionscadail ná aon cheann de na cuideachtaí calafoirt (Comhlacht Chalafort Átha Cliath san áireamh) in ann an maoiniú tionscadail a bheadh ag teastáil a thógáil.
Tá an t-eolas, an saineolas agus sonraí eolaíochta agus comhshaoil a fuarthas laistigh den Chuideachta trí mhórthionscadail bhonneagair a sheachadadh i gCalafort Bhaile Átha Cliath thar na deich mbliana mar bhuntaca do na tuairimí a léirítear sna páipéir.
Aithnímid, áfach, go bhfuil dearcthaí malartacha ann, lena n-áirítear dearcadh atá ann le fada gur cheart Port Bhaile Átha Cliath a bhogadh ón suíomh ina bhfuil sé faoi láthair.
Dá bhrí sin, is é an cuspóir atá le páipéir Idirphlé Phort Bhaile Átha Cliath 2040 a fhoilsiú ná plé eolasach agus rannpháirtíocht shubstainteach a thionscnamh agus a éascú maidir le príomhcheisteanna a bhfuil freagraí ag teastáil maidir leo ag an tráth ríthábhachtach seo, eadhon:
- Cén leibhéal toillte calafoirt a bheidh le cur ar fáil chun freastal ar an éileamh a bheidh ann amach anseo ar chósta thoir na hÉireann sna 20 bliain amach romhainn?
- Cá gcuirfear an toilleadh breise sin ar fáil?
- Conas a dhéanfar na tionscadail is gá chun an toilleadh breise sin a chur i gcrích a mhaoiniú agus a sheachadadh?
Tá cuireadh tugtha againn do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu i bpleanáil agus i bhforbairt fhadtéarmach an Chalafoirt agus na Cathrach araon, iad siúd ar mian leo dúshlán a thabhairt faoi smaointeoireacht agus faoi fhorbairt an Chomhlachta go dtí seo chun a gcuid smaointe a fhreagairt agus a roinnt ionas gur féidir cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le bonneagar calafoirt a fhorbairt amach anseo i bPort Bhaile Átha Cliath agus in áiteanna eile ar an gcósta thoir, ag luí le pleananna agus straitéisí ábhartha laistigh den ordlathas pleanála náisiúnta.
Conclúid
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bhfoireann bainistíochta agus leis an bhfoireann go léir ag Comhlacht Chalafort Átha Cliath as a gcuid tiomantas leanúnach le linn na bliana seo a raibh dúshláin ar leithligh ag gabháil léi. Tá an tslí ina ndeachaigh gach duine i dtaithí ar imthosca Covid-19 eiseamláireach. Go háirithe, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bPríomhfheidhmeannach, Eamonn O’Reilly agus aitheantas a thabhairt dá cheannaireacht oilte agus don tslí ghairmiúil ina leanann sé de bheith ag stiúradh an Chomhlachta.
I mbliain atá thar a bheith deacair don earnáil iompair ina hiomláine, ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár gcustaiméirí agus lenár bpáirtithe leasmhara uile as ucht a dtacaíocht leanúnach.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire agus leis an bhfoireann díograiseach sa Roinn Iompair as a dtacaíocht agus rannpháirteachas gníomhach linn i rith 2020.
Mar chríoch, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe ar an mBord as a gcuid oibre le linn na bliana seo caite. Ba mhaith liom aitheantas speisialta a thabhairt do na rannchuidithe ó Lesley Williams agus ó Helen Collins a bhfuil a dtéarmaí oifige mar Stiúrthóirí tugtha chun críche le déanaí.
Jerry Grant, Cathaoirleach
26th Márta 2021