Tuarascáil na Stiúrthóirí
Cuireann na Stiúrthóirí a dTuarascáil Bhliantúil i láthair, mar aon le ráitis airgeadais iniúchta an Chomhlachta don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2020.
Freagracht na Stiúrthóirí as na Ráitis Airgeadais
Is iad na Stiúrthóirí atá freagrach as tuarascáil na Stiúrthóirí agus na ráitis airgeadais a ullmhú de réir Acht na gCuideachtaí 2014.
Ceanglaíonn dlí cuideachtaí na hÉireann ar na Stiúrthóirí ráitis airgeadais a ullmhú maidir le gach uile bhliain airgeadais. De réir an dlí, tá sé roghnaithe ag na Stiúrthóirí, na ráitis airgeadais a ullmhú i gcomhréir le FRS 102 an Caighdeán um Thuairisciú Airgeadais a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus Poblacht na hÉireann, arna eisiúint ag an Financial Reporting Council (“an creat ábhartha um thuairisciú airgeadais”). Faoi dhlí cuideachtaí, níl cead ag na Stiúrthóirí na ráitis airgeadais a fhaomhadh go dtí go bhfuil siad sásta go dtugann siad léargas ceart agus cóir ar shócmhainní, dliteanais agus staid airgeadais an Chomhlachta amhail ar dháta deireadh na bliana airgeadais, agus ar bhrabús agus caillteanas an Chomhlachta sa bhliain airgeadais, agus go gcloíonn siad ar gach bealach eile le hAcht na gCuideachtaí 2014.
Le linn do na ráitis airgeadais sin a bheith á n-ullmhú, éilítear ar na Stiúrthóirí:
- beartais chuntasaíochta oiriúnacha a roghnú don Comhlacht agus iad a chur i bhfeidhm go seasta;
- breitheanna agus meastacháin a dhéanamh atá réasúnta agus stuama;
- a dhearbhú cé acu ar ullmhaíodh nó nár ullmhaíodh na ráitis airgeadais de réir na gcaighdeán cuntasaíochta ábhartha, na caighdeáin sin a shainaithint, agus nóta a dhéanamh de na hiarmhairtí agus na cúiseanna is bonn le haon imeacht ábhartha ó na caighdeáin sin; agus
- ráiteas airgeadais a ullmhú ar bhonn an ghnóthais leantaigh ach amháin má tá sé míchuí glacadh leis go leanfaidh an Comhlacht i mbun gnó.
Tá na Stiúrthóirí freagrach as a chinntiú go gcoinneoidh an Comhlacht, nó go gcuirfear faoi deara don Chomhlacht taifid chuntasaíochta chruinn a choinneáil, a dhéanann idirbhearta an Chomhlachta a mhíniú agus a thaifeadadh i gceart, a ligeann dóibh sócmhainní, dliteanais, staid airgeadais, agus brabús agus caillteanas an Chomhlachta a dheimhniú go réasúnta cruinn ag aon am, a chuireann ar a gcumas a chinntiú go gcomhlíonann na ráitis airgeadais agus tuarascáil na Stiúrthóirí Acht na gCuideachtaí 2014, agus a éascaíonn iniúchadh na ráiteas airgeadais. Tá siad freagrach chomh maith as sócmhainní an Chomhlachta a chosaint agus as bearta réasúnta a dhéanamh dá bharr chun calaois agus neamhrialtachtaí eile a chosc agus a bhrath.
D’fhéadfadh difríochtaí a bheith ann idir an reachtaíocht Éireannach lena rialaítear ullmhú agus scaipeadh ráiteas airgeadais agus an reachtaíocht i ndlínsí eile. Tá na Stiúrthóirí freagrach as cothabháil agus ionracas na faisnéise corparáide agus airgeadais atá ar fáil ar láithreán gréasáin an Chomhlachta.
Stádas Dlíthiúil
Cuideachta Ghníomhaíochta Sainithe faoi theorainn scaireanna is ea Comhlacht Chalafort Átha Cliath, ar bunaíodh í faoi reacht de bhun an Acht Cuanta, 1996, agus atá ionchorpraithe in Éirinn. Ar an 3 Márta 1997, tháinig an Comhlacht isteach mar aonán comharba in áit Bhord Poirt agus Dugaí Bhaile Átha Cliath, an t-iar-aonán reachtúil a bhíodh freagrach as Port Bhaile Átha Cliath. Ar an dáta sin, ghlac Comhlacht Chalafort Átha Cliath ceannas ar fheidhmeanna na heagraíochta réamhtheachtaí, agus ghlac siad seilbh ar a sócmhainní agus dliteanais, bunaithe ar luachálacha a comhaontaíodh leis an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha a bhí ann ag an am. Mar chomaoin i leith na sócmhainní agus na ndliteanas, d’eisigh an Comhlacht scairchaipiteal ar luach €7.648m don Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha a bhí ann ag an am.
Le héifeacht ón 26 Iúil 1997, bhí an Comhlacht ina húdarás píolótaíochta do Bhá Bhaile Átha Cliath.
Le héifeacht ón 1 Eanáir 2006, aistríodh freagracht as Earnáil na bPort Tráchtála ón Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha go dtí an tAire Iompair.
Ar an 12 Iúil 2011, d’aistrigh an tAire Iompair sócmhainní agus dliteanais Chuideachta Phort Dhún Dealgan chuig Comhlacht Chalafort Átha Cliath faoi IR Uimh. 361 de 2011.
Príomhghníomhaíochtaí
Is é cuspóir gnó Comhlacht Chalafort Átha Cliath ná gluaiseacht earraí agus paisinéirí, agus an sreabhadh eolais bainteach, a éascú tríd an bPort.
Soláthraíonn an Chuideachta an bonneagar, na háiseanna, na seirbhísí agus na láithreacha crua-sheasta le freastal ar riachtanais custaiméirí maidir le haistriú éifeachtúil earraí agus paisinéirí idir móid tíre agus muirí.
Gintear ioncam, maidir leis na háiseanna sin a chur ar fáil, ó na nithe seo a leanas: dleachtanna soithigh, dleachtanna earraí, cíos agus na príomhsheirbhísí a chuirtear ar fáil, amhail tuáil agus píolótaíocht.
Taifid Chuntasaíochta
Is iad na bearta atá glactha ag na Stiúrthóirí chun comhlíonadh a ráthú maidir le hoibleagáid an Chomhlachta taifid leordhóthanacha chuntasaíochta a choimeád ná córais agus nósanna imeachta chuí a úsáid agus daoine inniúla a fhostú. Coimeádtar na taifid chuntasaíochta in oifig chláraithe an Chomhlachta, Ionad an Phoirt, Bóthar Alexandra, Baile Átha Cliath 1.
Athbhreithniú Gnó
Tá mionsonraí faoi bhrabús na bliana, mar aon le suimeanna comparáideacha le haghaidh 2019, leagtha amach sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais agus sna nótaí gaolmhara. Tá Príomhtháscairí Feidhmíochta Airgeadais an ghnóthais leagtha amach thíos agus san Athbhreithniú ón bPríomhfheidhmeannach.
Bhí an tréchur 3.3% níos ísle ná i 2019 ag 36.9 milliún tona (2019: 38.1 milliún tona). Tháinig laghdú 0.8% ar allmhairí i rith na bliana go dtí 15.2 milliún tona (2019: 15.3 milliún tona), agus tháinig laghdú 5.0% ar onnmhairí go dtí 21.7m tona (2019: 22.8 milliún tona).
Ba é €86.6m láimhdeachas na bliana, laghdú 6.6% ar an mbliain roimhe (2019: €92.7m).
B’ionann agus €43.1m costais oibriúcháin iomlána i 2020; ba laghdú €5.4m (11.1%) é sin ar 2019 (2019: €48.5m). Tá costais phárolla ar an leibhéal céanna le 2019 ag €13.0m. Tá laghdú €5.4m tagtha ar chostais eile nach costais phá iad de bharr costais atheagrúcháin níos ísle de €1.8m den chuid is mó agus rátaí níos ísle de €3.6m mar gheall ar tharscaoileadh rátaí i 2020.
Níl Brabús Oibriúcháin de €44.2m ach 0.2% níos ísle ná 2019 agus mar thoradh air sin tá Corrlach Oibriúcháin ann de 51% (2019: 48%).
D’fhan tuilleamh roimh ús, roimh cháin, roimh dhímheas, agus roimh amúchadh (EBITDA) ag €53.9m.
Ba iad na glanchostais oibriúcháin ná €4.5m (2019: glanioncam maoinithe €0.4m). Is ionann an t-ioncam airgeadais agus €0.6m (2019: €1.1m).
Ba iad na glanmhuirir úis (gan ghlan-ús ar scéimeanna pinsin san áireamh) ná €5.1m (2019: €0.7m) agus is ionann cóimheas cumhdaigh ar ús an Chomhlachta agus cumhdach úis 9 n-uaire (2019: 65 uair), bunaithe ar bhrabús roimh ús agus cáin, de bhreis ar ghlanmhuirir úis. Mhéadaigh an glanfhiachas ó €121.3m i 2019 go dtí glanfhiachas de €133.3m i 2020 agus tá na cúnaint uile á gcomhlíonadh ag an gComhlacht i ndáil lena saoráidí iasachtaíochta.
Ba é brabús na bliana airgeadais ná €34.2m (2019: €38.6m).
Tháinig méadú ar an gCúlchiste Brabúis agus Caillteanais ó €455.1m amhail ar an 31 Nollaig 2019 go dtí €496.5m, agus tháinig méadú ar Chistí na Scairshealbhóirí ó €470.4m go dtí €511.8m sa tréimhse chéanna.
Baineadh tréchur de 36.9 milliún tona amach i 2020, sin 25.8% níos mó ná an 29.3 milliún tona (athbhreithnithe) a beartaíodh sa bhuiséad.
Rioscaí agus Éiginnteachtaí Príomha
Ceann de na príomhéiginnteachta atá os comhair an Chomhlachta ná an mbeidh sé in ann an toilleadh calafoirt is gá don todhchaí a chur ar fáil.
I Meitheamh 2018, d’fhoilsigh an Comhlacht “Máistirphlean Phort Bhaile Átha Cliath 2040 - Athbhreithnithe i 2018”, agus rinne sé sin an chéad Mháistirphlean, ar glacadh leis i 2012, a nuashonrú. Áiríodh san athbhreithniú próiseas leathan comhairliúcháin phoiblí ar tháinig dhá chonclúid thábhachtacha as:
- Ar an gcéad dul síos, samhlaíodh sa Mháistirphlean filleadh ar leathnú Phort Bhaile Átha Cliath soir isteach go Cuan Bhaile Átha Cliath, ach anois níl Comhlacht Chalafort Átha Cliath ag dul ar aghaidh leis mar rogha.
- Ar an dara dul síos, chun freastal ar na riachtanais toillte a bhfuiltear ag súil leo, is gá do Phort Bhaile Átha Cliath a bheith forbartha ar bhonn fás meánmhéideanna bliantúil de 3.3% i rith na tréimhse 30 bliain ó 2010 go dtí 2040, seachas an 2.5% a rabhthas ag glacadh leis i 2012. Dá bharr sin, tá ardú ó 60m tona go dtí 77m tona ar an riachtanas toillte le haghaidh 2040.
Leagann Máistirphlean 2040 amach an creat pleanála le haghaidh na dtrí thionscadal Forbartha Bonneagair Straitéisigh (SID) a theastaíonn chun cuspóir toillte 2040 a bhaint amach:
- Is é an chéad SID ná Tionscadal Athfhorbartha Abhantraí Alexandra (ABR) agus leanadh ar aghaidh le tógáil ar an tionscadal seo i rith 2020.
- I mí Iúil 2020, thug an Bord Pleanála cead pleanála cúig bliana déag don Tionscadal MP2, an dara ceann de na trí SID a theastaíonn chun Máistirphlean a sheachadadh. Tá oibreacha a beartaíodh faoi Thionscadal MP2 á bpleanáil faoi láthair agus táthar ag súil go dtosóidh na chéad ghnéithe de siúd i 2022.
- Tugtar An Tionscadal 3FM ar an tríú ceann, an ceann deiridh, agus tá tús curtha againn leis an gcéad chéim de chomhairliúchán le páirtithe leasmhara agus le comhairliúchán áitiúil roimh thús a chur le comhairliúchán foirmiúil réamhiarratais leis an mBord Pleanála níos déanaí i mbliana.
Tá trí phríomhriosca agus neamhchinnteacht ann a d’fhéadfadh cosc a chur ar an gComhlacht i dtaobh cuspóir Mháistirphlean 2040 a bhaint amach chun an cumas tréchuir de 77 milliún olltona is gá a chur ar fáil faoi 2040:
- Tá seans ann nach bhfaighfear cead pleanála le haghaidh Thionscadal 3FM.
- D’fhéadfadh sé nach mbeadh sé indéanta a áirithiú go n-oibreoidh oibreoirí críochfort aonadaithe (Ró-Ró agus Ló-Ló araon) ag an leibhéal ard úsáide talún atá ag teastáil.
- D’fhéadfadh sé nach mbeadh tailte calafoirt leordhóthanacha ar fáil tar éis caillteanas 14.6 heicteár (6% de limistéar talún iomlán Chalafort Bhaile Átha Cliath) do ghníomhaireachtaí Stáit chun rialuithe teorann ar thrádáil leis an Ríocht Aontaithe a éascú mar thoradh ar Brexit.
D’fhéadfadh meascán de roinnt de na rioscaí sin nó iad go léir a bheith ina gcúiseanna le Port Bhaile Átha Cliath a uaschumas tréchuir a bhaint amach chomh luath le 2030. Dá dtarlódh sin, bheadh gá le toilleadh breise calafoirt ag áiteanna eile ionas nach dtiocfadh easnamh náisiúnta toillte calafoirt chun cinn.
Tá éiginnteachtaí ó thaobh na trádála de ag bagairt don Comhlacht freisin mar gheall ar chor chun donais sa gheilleagar. Is iad Covid-19 agus Brexit na fachtóirí is déanaí ata tar éis tionchar a imirt ar thréchur agus ar fheidhmíocht airgeadais an Chomhlachta tar éis an tubaiste eacnamaíoch in 2008.
I gcás Brexit, tá trí athrú shuntasacha le feiceáil i bpatrúin trádála sa tréimhse díreach tar éis dheireadh idirthréimhse na Ríochta Aontaithe:
- Ar an gcéad dul síos, tá laghdú tagtha ar na méideanna a thrádáiltear leis an Ríocht Aontaithe arna bhfritháireamh i bpáirt trí fhás suntasach i méideanna le calafoirt Mhór-Roinn na hEorpa
- Ar an dara dul síos, rinneadh trácht droichead talún a atreorú ó bhealach Bhaile Átha Cliath-Holyhead go seirbhísí nua ó Chuan Ros Láir go calafoirt sa Fhrainc
- Ar an tríú dul síos, tá méid áirithe aistrithe ó Phort Bhaile Átha Cliath go calafoirt i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar dhifríochtaí sna rialuithe teorann
Tógfaidh sé roinnt míonna go dtuigfear go hiomlán na héiginnteachtaí agus na rioscaí a bhaineann le gnó an Chomhlachta de bharr Brexit.
Tá an Comhlacht tar éis a chinntiú go mbeidh de shaoirse acu fós, agus an clár infheistíochta caipitiúla á bhaint amach acu a bhfuiltear ag súil leis faoin Máistirphlean 2040, cur i bhfeidhm tionscadal a chur chun tosaigh nó a mhoilliú chun freagairt d’fhorbairtí eacnamaíocha níos leithne a d’fhéadfadh a bheith ag tarlú ag am ar bith.
Anuas air sin, tá an Comhlacht neamhchosanta ar thionchar cúlaithe eacnamaíoch ar a bhunghníomhaíochtaí nach bhunghníomhaíochtaí Poirt iad. Is fianaise air sin an laghdú ó €10.9m in 2001 go dtí €4.2m ag deireadh na bliana 2012 ar luach réadmhaoine infheistíochta an Chomhlachta atá lonnaithe i bPáirc Gnó Rinn an Oirthir. Rinne ár gcomhairleoirí réadmhaoine athluacháil ar an réadmhaoin ag deireadh na bliana 2020, nuair a méadaíodh a luach le €0.7m go dti €8.5m, an luach céanna leis an mbliain roimhe sin. Faoi láthair, tá laghdú carnach €1.7m tagtha ar luach na réadmhaoine.
Tá an Comhlacht tiomanta dá neamhchosaint ar riosca a bhainistiú go rathúil agus do thionchar an riosca a íoslaghdú maidir le cuspóirí gnó a bhaint amach. Bhunaigh an Bord Coiste Iniúchóireachta agus Riosca a bhfuil téarmaí tagartha ar leith aige a léiríonn ról an Choiste maidir le tacaíocht a thabhairt don Bhord chun neamhchosaint an Chomhlachta ar riosca a bhainistiú.
Tá Creat Bainistíochta Riosca curtha i bhfeidhm ag an gComhlacht,, a bhfuil na gnéithe seo a leanas ina gcuid de:
- Próisis chun rioscaí a aithint, a chur in ord tosaíochta agus a chur i gcatagóir,
- Rioscaí a mheas agus a thomhas go leanúnach, agus
- Monatóireacht a dhéanamh ar rioscaí agus iad a thuairisciú don Choiste Iniúchóireachta agus Riosca mar fhochoiste Boird.
Tá an Creat Bainistíochta Riosca cuimsitheach seo forbartha i ngach gné den ghnóthas agus áirítear leis na gnéithe seo a leanas:
- Bainistíocht Riosca Fiontair
- Plean Bainistíochta Éigeandála
- Bainistiú Riosca TFC
- Bainistiú Riosca maidir leis an bPíblíne Ola Coitianta
- Bainistiú Riosca maidir le Tionscadail Chaipitil
- Athbhreithniú Bliantúil ar Straitéis an Bhoird
I bhFeabhra 2020, chuir an Bord athbhreithniú ar an gCreat Bainistíochta Riosca i gcrích, agus d’aontaigh siad na bearta breise seo a leanas a chur i bhfeidhm d’fhonn bainistiú foriomlán rioscaí sa Comhlacht a láidriú:
- Cuirfidh an Príomhoifigeach Riosca (an Príomhfheidhmeannach) Tuairisc maidir le Riosca Straitéiseach i láthair gach cruinniú Boird, ina ndíreofar ar rioscaí faoi leith a bhfuil baint acu le straitéisí.
- Gach bliain ag an athbhreithniú bliantúil ar Straitéisí an Bhoird (i Meitheamh / Iúil), déanfar na rioscaí a tuairiscíodh agus a pléadh ag cruinnithe Boird i rith na bliana a chuimsiú sa chlár oibre don athbhreithniú ar straitéisí an Bhoird lena chinntiú go gcuirfear na rioscaí straitéiseacha sin san áireamh i bpleananna gearrthéarmacha gnó.
- Beidh na freagairtí ar na rioscaí straitéiseacha cuimsithe ansin sa Chlár Oibre a chuirfear faoi bhráid an Bhoird i Meán Fómhair sula dtosófar ag ullmhú buiséad don bhliain le teacht.
- Ó am go chéile, déanfaidh an Bord athbhreithniú seachtrach a choimisiúnú ar éifeachtúlacht chur chuige foriomlán an Chomhlachta i leith bainistiú riosca, de réir mar atá éilithe sa Chód Cleachtais. Rinneadh an chéad athbhreithniú dá leithéid ó Nollaig 2020 go Feabhra 2021 agus dheimhnigh an tuarascáil deiridh a cuireadh faoi bhráid an Choiste Iniúchta agus Riosca go bhfuil cur chuige Chomhlacht Chalafort Átha Cliath maidir le bainistíocht riosca éifeachtach i ndáil leis na príomhrioscaí atá roimh an gComhlacht a aithint agus a mheasúnú.
Inghlacthacht riosca
Tá an Inghlacthacht riosca sa Comhlacht éagsúil, ag brath ar na réimsí agus gníomhaíochtaí difriúla lena mbaineann an gnó:
- Tá an Bord toilteanach glacadh le leibhéal measartha riosca agus iad ag iarraidh a spriocanna straitéiseacha a bhaint amach.
- Tuigeann an Bord go bhfuil comhbhabhtáil idir an riosca agus an luach saothair, agus chun inghlacthacht riosca cothromaithe a bhaint amach, glacann siad cur chuige stuama chucu féin maidir lena chinntiú go maoinítear an gnóthas go leordhóthanach, go háirithe ó thaobh tionscadail bhonneagair a mhaoiniú de. Níl an Bord sásta aon seansanna a thógáil a d’fhéadfadh príomhchúnaint i gcomhaontuithe an Chomhlachta maidir le háiseanna fiachais a chur i mbaol.
- Is tosaíocht de chuid an Bhoird é sábháilteacht paisinéirí, cuairteoirí, ball foirne agus oibrithe sa phort, agus is inghlacthacht thar a bheith íseal atá ag an mBord sna réimsí sábháilteachta agus slándála.
- Téann an Comhlacht i muinín bearta chun rioscaí oibriúcháin a shainaithint agus a bhainistiú. Tá inghlacthacht riosca an-íseal ann i ndáil le córais chriticiúla a chothabháil agus sonraí a chosaint.
- Bíonn an Comhlacht ag iarraidh a chinntiú go bhfreastalaíonn gníomhaíochtaí comhlíonta ar riachtanais na rialachán ábhartha, agus cloíonn siad le hinghlacthacht riosca íseal ó thaobh ceisteanna comhlíonta agus rialála de.
Ina theannta sin, úsáidtear na bearta seo a leanas chun riosca iomlán na feidhmíochta gnó a bhainistiú:
- Ullmhú Buiséid Bhliantúil agus Pleananna Airgeadais Cúig Bliana,
- Tuairisciú agus Anailís ar Athraitheas míosúil,
- Rialuithe Airgeadais,
- Príomhtháscairí Feidhmíochta, agus
- Polasaithe, Caighdeáin agus Treoirlínte mionsonraithe chun tacú le rialú agus le maolú rioscaí.
Bainistiú an Riosca Airgeadais
De bharr a cuid oibríochtaí, tá an Comhlacht neamhchosanta ar raon rioscaí airgeadais, lena n-áirítear riosca ráta úis, riosca creidmheasa agus riosca maidir le leachtacht agus sreabhadh airgid. Déantar athbhreithniú rialta ar bheartais chun an Comhlacht a chosaint ar rioscaí airgeadais. Níl an fhreagracht chun monatóireacht a dhéanamh ar an mbainistiú riosca airgeadais fágtha faoi fhochoiste an Bhoird ag na Stiúrthóirí. Is iad an Bord Stiúrthóirí a leagann na beartais amach, agus is í Rannóg Airgeadais an Chomhlachta a chuireann i bhfeidhm iad.
Leachtacht agus Airgead Tirim Sreabhadh Airgid Riosca
Tá meascán de mhaoiniú fiachais ghearrthéarmaigh, mheántéarmaigh agus fadtéarmaigh ag an gComhlacht, rud a dhéanann deimhin de go mbíonn rochtain acu ar chistí leordhóthanacha don infheistíocht chaipitiúil atá beartaithe. Chuir an Comhlacht saoráid iasachtaíochta de €50m i bhfeidhm le Banc Uladh i Márta 2017 chun fiachas an Chomhlachta a athchur agus a shíneadh. Ag deireadh 2020, bhí saoráidí geallta neamhtharraingthe de €50m ag an gComhlacht ar an tsaoráid seo.
Rinne an Comhlacht Conradh Maoinithe leis an mBanc Eorpach Infheistíochta i mí na Nollaig 2015 i leith saoráid mhaoinithe tionscadail de €100m. Tá téarma 20 bliain ag an tsaoráid sin, agus bhí sí íostarraingthe ina hiomláine amhail ag deireadh 2019.
D’eisigh an Comhlacht bannaí sinsearacha neamhurraithe de €300m i mí na Nollag 2019 do réimse infheisteoirí institiúideacha. Amhail an 31 Nollaig 2020, bhí €200m de bhannaí ceannaithe. Tá gealltanas i bhfeidhm go gceannóidh na hinfheisteoirí an €100m réamhcheannachán atá fágtha de na bannaí, dá dtagraítear bannaí réamhcheannacháin, ar dháta sonraithe i 2021. Tá de rogha ag an gComhlacht, áfach, an gealltanas sin a chur ar ceal gan aon chostas agus gan cuid de na bannaí réamhcheannacháin a cheannach, nó gan aon cheann díobh a cheannach.
Is é polasaí an Chomhlachta ná an toradh ar infheistíocht a uasmhéadú trí iarmhéideanna airgid barrachais a chur i dtaisce ísealriosca airgid thirim ar bhonn gearrthéarmach. Tá sainorduithe ciste curtha i bhfeidhm ag an gComhlacht le roinnt institiúidí airgeadais chun na críche sin.
Riosca Creidmheasa
Bíonn an Comhlacht neamhchosanta ar riosca creidmheasa i gcúrsa na trádála agus, chun an riosca sin a bhainistiú, déanann sí seiceálacha cuí creidmheasa ar ábhair custaiméirí agus ní thrádálann sí ach le tríú páirtithe aitheanta le hacmhainneacht creidmheasa.
Riosca Ráta Úis
D’fhonn neamhchosaint an Chomhlachta ar athruithe suntasacha diúltacha ar ráta úis a bhainistiú, tá beartas acu trína ndéantar íosmhéid 60 faoin gcéad (2019: 60 faoin gcéad) dá bhfiachais a choinneáil ag rátaí seasta úis. D’fhonn an cuspóir sin a bhaint amach, rinne an Chuideachta conradh ráta úis sheasta leis an mBanc Eorpach Infheistíochta ar an tsaoráid mhaoinithe tionscadail de €100m. In 2019, d’eisigh an Comhlacht €300m de bhannaí sinsearacha neamhurraithe ag ráta cúpóin sheasta.
Imeachtaí ó dheireadh na bliana airgeadais
Níor tharla aon imeachtaí eile idir dáta an Chláir Comhardaithe agus an dáta ar ar fhaomh an Bord na ráitis airgeadais.
Bulc
Forbairtí sa Todhchaí
Tá Clár Infheistíochta Caipitiúla buiséadaithe de €83.7m ag an gComhlacht le haghaidh 2021. Áirítear sa Chlár Infheistíochta Caipitiúla le haghaidh 2021 €51.5m i ndáil le Máistirphlean Chéim 1 (MP1), suim de €14.9m i ndáil le Tionscadal Athfhorbartha Thaiscumar Alexandra (“ABR”) agus €10.4m maidir le Forbairt Chalafort Intíre Bhaile Átha Cliath.
Torthaí agus Díbhinní
B’ionann brabús an Chomhlachta don bhliain airgeadais agus €34.2m. Ba iad seo a leanas leithdháiltí agus moltaí na Stiúrthóirí i leith na suime sin:
2020 | 2019 | |
---|---|---|
€’000 | €’000 | |
Díbhinn Eatramhach de €0.00 (2019: €0.3543) in aghaidh na gnáthscaire íoctha | - | 4,100 |
Méadú ar an mBrabús Coinnithe | 34,251 | 34,545 |
Brabús don Bhliain Airgeadais | 34,251 | 38,645 |
Níl sé beartaithe ag na Stiúrthóirí díbhinn deiridh a fhógairt.
Leasanna na Stiúrthóirí agus an Rúnaí
Ní raibh aon leas ag na Stiúrthóirí ná ag an Rúnaí i scairchaipiteal an Chomhlachta amhail an 31 Nollaig 2020 agus 2019.
An tAcht um Íoc Pras
Is é beartas an Chomhlachta soláthraithe a íoc i gcomhréir le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Íocaíochtaí Déanacha in Idirbhearta Tráchtála), 2002 agus leis an Acht um Íoc Pras Cuntas, 1997.
Chuige sin, tá gnáthaimh íocaíochta an Chomhlachta ceaptha chun cinnteacht réasúnta a thabhairt i gcoinne neamh-chomhlíonadh ábhartha théarmaí na Rialachán. Is é 30 lá an tréimhse chaighdeánach chreidmheasa, ach amháin má shonraítear a mhalairt sna socruithe conartha. Rinneadh formhór na n-íocaíochtaí de réir uimhreach agus luacha laistigh den tréimhse chuí chreidmheasa de réir mar is gá. Ar an ábhar sin, tá na Stiúrthóirí sásta gur chloígh an Chuideachta le riachtanais an Achta.
Stiúrthóirí
Leagtar amach thíos ainmneacha na ndaoine a bhí ina Stiúrthóirí ag aon am le linn na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2020.
J Grant (ceaptha an 10 Nollaig 2020)
E O’Reilly
M Brophy
H Collins
G Darling
M Hand
K Nolan
L Williams (a d’éirigh as an 31 Nollaig 2020
Caidreamh le Scairshealbhóirí
Bíonn feidhmíocht trádála, pleananna don todhchaí agus fadhbanna straitéiseacha á bplé go leanúnach ag an gCathaoirleach, an Príomhfheidhmeannach agus an lucht bainistíochta i gcomhpháirt le scairshealbhóirí an Chomhlachta. Bíonn ar an Aire Iompair agus/nó ar an Aire Airgeadais ábhair shonraithe ar leith a fhaomhadh, agus déantar cumarsáid leanúnach leis an Aire ábhartha trína ranna faoi seach. Tuairiscíonn an Cathaoirleach don Aire Iompair mar a éilítear faoi Alt 28 den Acht Cuanta, 1996 agus faoin gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú.
Rialachas Corparáideach
Tá Comhlacht Chalafort Átha Cliath tiomanta do na caighdeáin rialachais corparáidí is airde a chaomhnú, agus tá glactha acu le prionsabail an rialachais corparáide agus leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú arna n-eisiúint ag an Roinn Airgeadais i mí na Bealtaine 2009. Ar an 1 Meán Fómhair 2016, rinneadh an Cód Cleachtais a nuashonrú. Cuireadh forálacha an Chóid nuashonraithe i bhfeidhm sa tréimhse tuairiscithe airgeadais a thosaigh ar an 1 Eanáir 2017. Chomh maith leis sin, cloíonn an Comhlacht lena cuid oibleagáidí faoin Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.
Stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin is ea an chuid is mó de na Stiúrthóirí, agus is é an tAire a cheapann iad. Tagann an Bord le chéile go foirmiúil gach mí agus cuirtear sceideal foirmiúil ábhar faoina bhráid go heisiach chun go ndéanfaí cinneadh ina leith. Tá an Bord freagrach as cumhachtaí uile an Chomhlachta a fheidhmiú, seachas na cinn atá curtha i leataobh le haghaidh na nGeallshealbhóirí, agus tá comhfhreagracht orthu as oibríochtaí uile an Chomhlachta. D’fhéadfadh an Bord a chuid cumhachtaí a tharmligean mar is mian leis, do Choiste Boird nó don Phríomhfheidhmeannach, faoi réir na srianta nó an rialaithe a fhorchuirtear lena leithéid de tharmligean. Faoi réir chead ón Aire i gcásanna áirithe, rinne an Bord forchoimeád cinntí a fhaomhadh go foirmiúil maidir le feidhmeanna áirithe sna réimsí seo a leanas: Rialachas, Maoiniú, Soláthar, Oibríochtaí agus Ceapacháin Acmhainní Daonna. Tá rochtain ag an mBord ar chomhairle agus ar sheirbhísí Rúnaí na Cuideachta agus is féidir leo comhairle neamhspleách ghairmiúil a fháil nuair a mheastar go bhfuil sé riachtanach.
Éilíonn an Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú go ndéanfadh an Bord féinmheastóireacht go bliantúil chun a fheidhmíocht a mheas. Thug an Bord athbhreithniú féinmheasúnaithe bunaithe ar cheistneoir atá le fáil sa Chód Cleachtais chun críche i bhFeabhra 2021. Éilíonn an Cód Cleachtais go ndéanfaí meastóireacht sheachtrach fhoirmiúil gach trí bliana ar a laghad. Cuireadh an t-athbhreithniú neamhspleách i bhfeidhm i rith an tsamhraidh i 2019 agus tuairiscíodh é don Bhord i Meán Fómhair. Dhearbhaigh na torthaí a bhí ar an meastóireacht fhoirmiúil a rinneadh i 2019 go bhfuil an Bord ag feidhmiú go héifeachtach, agus moladh iontu roinnt ceisteanna ar chóir don Bhord athbhreithniú a dhéanamh orthu.
Bhunaigh an Bord Coiste Iniúchóireachta i 1997 faoi théarmaí foirmiúla tagartha. Athbhunaíodh an Coiste seo i 2012 mar an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca. Leagadh amach sna téarmaí tagartha cuspóir, údarás agus comhaltas an Choiste, mar aon lena fhreagrachtaí sna réimsí seo a leanas: tuairisciú seachtrach airgeadais, iniúchadh seachtrach, rialachas corparáideach agus iniúchadh inmheánach.
Dhearbhaigh an Bord, ag a chruinniú ar an 29 Márta 2019, ceapadh Lesley Williams Uasal mar Chathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca, in éineacht leis Michael Brophy Uasal agus Helen Collins Uasal mar chomhaltaí coiste.
Tháinig an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca le chéile ceithre huaire le linn na bliana. Ba iad Lesley Williams Uasal, Michael Brophy Uasal, agus Helen Collins Uasal, comhaltaí an Choiste i gcaitheamh na bliana.
Chomh maith leis sin, bhunaigh an Bord Coiste Luach Saothair i 1999. Ba iad comhaltaí an choiste le linn na bliana ná Lucy McCaffrey Uasal (Cathaoirleach), Geoffrey Darling Uasal agus Michael Hand Uasal. Feidhmíonn an Coiste faoi théarmaí foirmiúla tagartha.
Freastal ar Chruinnithe
Tionóladh 10 Chruinniú Ginearálta Boird le linn na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2020.
Freastal na Stiúrthóirí ar chruinnithe an Bhoird:
I láthair |
Incháilithe chun bheith i láthair |
|
---|---|---|
J Grant |
1 |
1 |
E O’Reilly |
10 |
10 |
M Brophy |
10 |
10 |
H Collins |
10 |
10 |
G Darling |
10 |
10 |
M Hand |
10 |
10 |
K Nolan |
10 |
10 |
L Williams |
10 |
10 |
An Coiste Iniúchóireachta agus Riosca
M Brophy |
3 |
4 |
H Collins |
4 |
4 |
L Williams |
4 |
4 |
Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht
Tá Comhlacht Chalafort Átha Cliath tiomanta do chomhionannas, do dhínit, d’éagsúlacht agus do neamh-idirdhealú a chur i gcroílár an Chomhlachta. Tá sé mar aidhm againn beartais chuimsitheacha a fhorbairt i ngach gné fhostaíochta agus a chuirfidh oiliúint ábhartha ar fáil dár bhfostaithe uile. Tá dlúthbhaint ag Comhlacht Chalafort Átha Cliath lenár bpobal agus tá sé mar aidhm againn éagsúlacht an phobail sin a léiriú.
Speansais na Stiúrthóirí
Íocadh speansais de €1,229 le comhaltaí an Bhoird i rith na bliana i ndáil le speansas taistil.
Rialuithe Inmheánacha
Tá freagracht iomlán ag an mBord as córais rialaithe inmheánaigh an Chomhlachta. Ní féidir leis na córais sin atá á gcoinneáil ag an gComhlacht ach gealltanas réasúnta a thabhairt, seachas gealltanas iomlán, go ndéantar idirbhearta i gcomhréir le húdarú an luchta bainistíochta, go gcosnaítear sócmhainní, go gcuirtear cosc ar chalaois agus go gcoinnítear taifid chearta airgeadais. Deimhníonn an Bord go bhfuil athbhreithniú déanta acu ar éifeachtúlacht chóras an rialaithe inmheánaigh.
Chun deimhin a dhéanamh de go gcuirtear rialuithe inmheánacha an Chomhlachta i bhfeidhm go héifeachtúil, fostaíodh pearsanra cáilithe agus leithdháileadh na dualgais orthu mar is ceart.
Áirítear le córais an rialaithe inmheánaigh:
- Déantar rioscaí gnó a aithint agus a dtionchair airgeadais a mheas trí athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar Phlean Straitéiseach an Chomhlachta. Tugtar achoimre thuas ar an bpróiseas a bhaineann le Creat Bainistíochta Riosca an Chomhlachta faoin gceannteideal “Rioscaí agus Éiginnteachtaí Príomha”. Ghlac an Bord leis an bPlean Straitéiseach is déanaí don tréimhse 2017 go dtí 2021 i mí na Nollag 2016;
- Buiséad bliantúil faofa ag an mBord agus measúnú míosúil ar fhíorthorthaí i gcomparáid le réamhaisnéisí buiséid;
- Coiste Iniúchóireachta agus Riosca a bunaíodh chun na rudaí seo a leanas a athbhreithniú agus a phlé leis na hiniúchóirí inmheánacha agus seachtracha: rialuithe inmheánacha cuntasaíochta an Chomhlachta, an fheidhm Iniúchóireachta Inmheánaí, rogha na mbeartas cuntasaíochta, pleananna iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí, tuarascáil reachtúil na n-iniúchóirí, an tuairisciú airgeadais agus ábhair ghaolmhara eile;
- Feidhm Iniúchóireachta Inmheánaí trína ndéantar athbhreithniú ar phríomhphróisis agus ar phríomhrialuithe gnó;
- Cóid fhoirmiúla iompair le haghaidh Stiúrthóirí agus fostaithe; agus
- Beartais agus nósanna imeachta soláthair. Ar an gcead dul síos, déanann siad sin deimhin de go dtéitear i mbun gníomhaíochtaí soláthair chun luach ar airgead a sholáthar i dtéarmaí na gcostas saolré foriomlána agus, lena chois sin, go gcloítear leis na Treoirlínte Stáit agus na Treoracha AE ábhartha uile a bhfuil feidhm acu maidir le Fóntais Phoiblí. Tá an Comhlacht ag cloí leis na riachtanais oiriúnacha faoin gCód Caiteachais Phoiblí ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe..
Tá athbhreithniú déanta ag an mBord, tríd an gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca, ar éifeachtúlacht chóras an rialaithe inmheánaigh suas go dtí dáta faofa na ráiteas airgeadais.
Rinne an tIniúchóir Inmheánach athbhreithniú ar éifeachtúlacht chóras an rialaithe inmheánaigh agus níor thángthas ar aon laigí suntasacha rialaithe a bhfuil riosca suntasach ag baint leo maidir le caillteanas airgeadais nó cur isteach oibríochtúil, a éilíonn cúram láithreach ag leibhéal an Bhoird.
Ráiteas comhlíonta
Admhaíonn Stiúrthóirí an Chomhlachta go bhfuil siad freagrach as comhlíonadh an Chomhlachta lena cuid oibleagáidí ábhartha a ráthú (mar atá sainmhínithe in Acht na gCuideachtaí 2014 (an “tAcht 2014”)) agus, mar atá éilithe faoi alt 225 den Acht 2014, deimhníonn na Stiúrthóirí:
(i) gur ullmhaíodh ráiteas beartais comhlíonta ina leagtar amach beartais an Chomhlachta maidir lena n-oibleagáidí ábhartha faoin Acht 2014 a chomhlíonadh;
(ii) gur cuireadh socruithe agus struchtúir i bhfeidhm a measann na Stiúrthóirí gur leor iad chun cloí ábhartha le hoibleagáidí cuí an Chomhlachta a chinntiú; agus
(iii) go ndearnadh athbhreithniú ar na socruithe agus struchtúir le linn na bliana airgeadais lena mbaineann Tuarascáil na Stiúrthóirí.
Síntiúis Pholaitíochta
Ní dhearna an Bord aon síntiús polaitíochta i rith na bliana.
Nochtadh Faisnéise do na hIniúchóirí
Tá sé deimhnithe ag gach Stiúrthóir a bhí in oifig amhail dháta na tuarascála seo:
- Go bhfios dó/di, nach bhfuil aon fhaisnéis ábhartha iniúchta ann nach bhfuil ar eolas ag iniúchóirí reachtúla an Chomhlachta; agus
- Go bhfuil na bearta go léir déanta aige/aici ar cheart iad a bheith déanta aige/aici mar Stiúrthóir chun eolas a fháil ar aon fhaisnéis ábhartha iniúchta agus chun a dhearbhú go bhfuil an fhaisnéis sin ar eolas ag iniúchóirí reachtúla an Chomhlachta.
Iniúchóirí Reachtúla
Leanfaidh na hiniúchóirí, Deloitte Ireland LLP, Cuntasóirí Cairte agus Gnólacht Iniúchóireachta Reachtúil, in oifig i gcomhréir le halt 383(2) d’Acht na gCuideachtaí, 2014.
Thar ceann an Bhoird
Jerry Grant | Eamonn O’Reilly |
Cathaoirleach | Príomhfheidhmeannach |
26 Márta 2021