Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais
19. Iasachtaí agus Fiachas Eile
2020 | 2019 | |
---|---|---|
€’000 | €’000 | |
Iomlán na n-iasachtaí | 293,430 | 198,693 |
293,430 | 198,581 | |
Tá na hiasachtaí sin iníoctha i gcaitheamh na dtréimhsí seo a leanas tar éis dheireadh na bliana: | ||
Tar éis cúig bliana nó níos mó | 293,430 | 198,693 |
293,430 | 198,693 | |
Iasachtaí bainc fadtéarmacha | 93,421 | 98,684 |
Iasachtaí socrúcháin phríobháidigh | 200,009 | 100,009 |
293,430 | 198,693 |
Iasachtaí bainc reatha:
Tá comhaontú déanta ag an gComhlacht le Ulster Bank DAC maidir le saoráid chreidmheasa imrothlaigh ar luach €50m. Cuireadh an tsaoráid sin i bhfeidhm ar bhonn téarma cúig bliana i dtosach báire, agus bhí rogha ann é sin a shíneadh ar feadh dhá thréimhse d’aon bhliain amháin, faoi réir cead ón mbanc. D’fheidhmigh an Comhlacht a rogha le linn 2019 chun an tsaoráid a shíneadh, agus tá sí anois le bheith aisíoctha go hiomlán i Márta 2024. Bhí an tsaoráid gan íostarraingt amhail ag deireadh na bliana (2019: €NIALAS).
Tá an ráta úis ar an iasacht athraitheach ar bhonn an EURIBOR agus ar an gcorrlach is infheidhme. Níl aon urrús inláimhsithe á choimeád ag Banc Uladh i leith na saoráide sin.
Iasachtaí bainc fadtéarmacha:
Rinne an Comhlacht Conradh Maoinithe leis an mBanc Eorpach Infheistíochta i mí na Nollaig 2015 i leith saoráid mhaoinithe tionscadail de €100m. Bhí an tsaoráid sin i bhfeidhm ar feadh téarma 20 bliain agus bhí sí íostarraingthe go hiomlán amhail ag deireadh na bliana. B’ionann an t-iarmhéid gan íoc agus €93.4m amhail an 31 Nollaig 2020 (2019: €98.68m).
Iasachtaí socrúcháin phríobháidigh:
D’eisigh an Comhlacht bannaí sinsearacha neamhurraithe de €300m i mí na Nollag 2019 do réimse infheisteoirí institiúideacha. Eisíodh na bannaí ráta seasta sin in euro agus tá siad liostaithe ar an Margadh Malairte Domhanda de Euronext Bhaile Átha Cliath. Tiocfaidh na bannaí in aibíocht i Meán Fómhair 2049. Amhail an 31 Nollaig 2020, bhí €200m de bhannaí ceannaithe. Tá gealltanas i bhfeidhm go gceannóidh na hinfheisteoirí an €100m réamhcheannachán atá fágtha de na bannaí, dá dtagraítear bannaí réamhcheannacháin, ar dháta sonraithe i 2021. Tá de rogha ag an gComhlacht, áfach, an gealltanas sin a chur ar ceal gan aon chostas agus gan cuid de na bannaí réamhcheannacháin a cheannach, nó gan aon cheann díobh a cheannach.
Anuas air sin, d’eisigh an Comhlacht méid nótaí neamhliostaithe d’fho-ghrúpa infheisteoirí ar phraghas ainmniúil. Is meicníocht mhalartach d’infheisteoirí iad nótaí neamhliostaithe, a chuireann ar a gcumas suibscríobh do na bannaí atá fágtha (in ionad bannaí réamhcheannacháin a cheannach). Amhail an 31 Nollaig 2020, bhí €9,000 faighte ag an gComhlacht i ndáil le nótaí neamhliostaithe a cheannach.
Tá coinníollacha ag an bhfiachas socrúcháin phríobháidigh agus ag saoráidí eile, a éilíonn ar an gComhlacht cúnaint áirithe a chomhlíonadh. Amhail an 31 Nollaig 2020, tá an Comhlacht ag cloí go hiomlán leis na riachtanais uile maidir le cúnaint.