Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais

30. Scéimeanna Sochair Sainithe

Oibríonn an Chomhlacht ceithre scéim pinsin le sochair sainithe agus scéim pinsin le ranníocaíocht shainithe. Ar an 1 Eanáir 2005 dúnadh na scéimeanna sochair sainithe d’iontrálaithe nua.

Scéim Ranníocaíochtaí Sainithe

Tá fostaithe a thosaigh ag obair leis an gComhlacht tar éis an 1 Eanáir 2005 ina mbaill den scéim pinsin le ranníocaíocht shainithe. Íocann na baill agus an Comhlacht ranníocaíochtaí ag rátaí seasta. I rith na bliana rinne an Comhlacht ranníocaíocht €848k (2019: €762k) sa scéim pinsin le ranníocaíocht shainithe, agus rinneadh an méid sin a mhuirearú ar an gcuntas Brabúis agus Caillteanais. Is é Irish Pensions Trust Limited, Cuideachta iontaobhaí neamhspleách gairmiúil, an t-aon iontaobhaí amháin de chuid na scéime le ranníocaíocht shainithe.

Scéimeanna Sochair Sainithe

(a) Oibríonn an Comhlacht ceithre scéim pinsin le ranníocaíocht shainithe bunaithe ar thuarastail dheireanacha inphinsin d’fhostaithe incháilithe, lena n-áirítear fostaithe agus iarfhostaithe Chuideachta Phort Dhún Dealgan agus an t-aonán a bhí ann roimh an gComhlacht, Bord Poirt agus Duganna Bhaile Átha Cliath.

Déanann iontaobhaithe riarachán ar na ceithre scéim. Is iad seo a leanas na scéimeanna: “Ciste Aoisliúntais Phort Bhaile Átha Cliath 1996”, “Ciste Aoisliúntais um Piolótaí Chomhlacht Chalafort Átha Cliath”, “Scéim Sochar Scoir um Phríomhfheidhmeannach Chomhlacht Chalafort Átha Cliath” agus “Scéim Pinsin Chomhlacht Chalafort Átha Cliath um Iarfhostaithe Chuideachta Phort Dhún Dealgan”.

Is iad an Comhlacht agus na baill scéime a cheapann iontaobhaithe Chiste Aoisliúntais Phort Bhaile Átha Cliath 1996. Reáchtáladh an toghchán iontaobhaí baill is deireanaí do chiste Aoisliúntais Phort Bhaile Átha Cliath 1996 i 2017 agus rinne an Bord ceapachán ceathrar fostaithe a dhaingniú ag a chruinniú ar an 8 Nollaig 2017. I dteannta leis an gceathrar iontaobhaithe atá ina mbaill, cheap an Comhlacht ceathrar iontaobhaithe eile.

Is é Irish Pensions Trust Limited, Cuideachta iontaobhaí neamhspleách gairmiúil, an t-aon iontaobhaí amháin de na trí scéim eile.

Níl aon scéimeanna neamh-mhaoinithe i bhfeidhm amhail an 31 Nollaig 2020.

(b) Luacháil Achtúireach

Déantar seasamh maoinithe na ceithre scéim sochair sainithe a mheasúnú de réir chomhairle achtúirí neamhspleácha. Déantar an seasamh maoinithe a mheasúnú go foirmiúil gach trí bliana.

Tá sé ar intinn ag an gComhlacht ranníocaíochtaí rialta a dhéanamh leis na ceithre scéim de réir na moltaí a leag na hachtúirí amach sna tuarascálacha achtúireachta iomchuí le haghaidh gach scéime.

Ullmhaíodh na luachálacha achtúireacha infheidhme is deireanaí do na príomhscéimeanna ar an 1 Eanáir 2021. Ba é Mercer a chuir na tuarascálacha i gcrích, agus ní oifigigh ná fostaithe de chuid an Chomhlachta iad. Tá na tuarascálacha luachála ar an 1 Eanáir 2021 ar fáil lena scrúdú ag baill na scéime ach níl siad ar fáil lena scrúdú ag an bpobal.

Bonn luachála um Íoschaighdeán Maoinithe (faisnéis nach bhfuil iniúchta)

Tá sé ina cheangal go gcloífeadh na ceithre scéim le sochair sainithe leis an Íoschaighdeán Maoinithe (ICM) i gcomhréir le hAlt 44 d’Acht na bPinsean, 1990 (mar atá leasaithe). Leis an ICM, go ginearálta, déantar a thomhas cibé acu an gclúdaíonn sócmhainní carntha dliteanais arna bhfabhrú do bhaill, ag déanamh talamh slán de go ndéanfaí na scéimeanna a fhoirceannadh ar an dáta luachála. Tá na boinn tuisceana ar a gcinntear dliteanas an ICM forordaithe sa reachtaíocht agus sa treoir achtúireach. Cuireadh na teastais mhaoinithe achtúirigh is deireanaí, a cuireadh ar fáil le haghaidh na bpríomhscéimeanna le sochar sainithe, faoi bhráid an Údaráis Pinsean agus dáta éifeachtach an 31 Nollaig 2018 orthu, agus dearbhaíodh gur chloígh na scéimeanna leis an ICM ar an dáta sin.

Tar éis an athbhreithnithe achtúirigh ar an 1 Eanáir 2021, fuarthas amach gur chloígh ceithre scéim le sochar sainithe an ICM amhail an 1 Eanáir 2021. Ba é luach iomlán shócmhainní na scéime ná €285.5m agus ba iad luach iomlán na ndliteanas faoin ICM ná €203.9m, agus an toradh a bhí air sin ná barrachas de €81.6m ar bhonn an ICM.

Bonn na luachála fadtéarmaí (faisnéis neamh-iniúchta)

 Tá sé de rún ag an gComhlacht leanúint de mhaoiniú a sholáthar de réir mholadh an achtúire chun déanamh cinnte go leanfaidh na scéimeanna ag feidhmiú agus ag soláthar íocaíochtaí pinsin ar bhonn fadtéarmach.

 Maidir leis na luachálacha amhail an 1 Eanáir 2018 chun na gcríoch maoinithe sin, ullmhaíodh iad agus úsáid á baint as modh luachála achtúirigh ar a dtugtar an modh “aoise sroichte”. Is iad na phríomhbhoinn tuisceana achtúireacha a glacadh sa luacháil ná gurb é 1.00% per annum an ráta fáltais bliantúil a bheadh ar infheistíochtaí roimh scor, gurb é 1.00% per annum an ráta fáltais bliantúil a bheadh ar infheistíochtaí tar éis scoir, agus gurb é an méadú a bheadh ar thuarastail ná 2.50% le haghaidh 2018-2022 agus 3.0% per annum ina dhiaidh sin Beidh méadú de 1.75% in aghaidh na bliana ar íocaíochtaí pinsin. Faoin modh luachála sin ar an 1 Eanáir 2018, ba é méid iomlán na sócmhainní ná €281.8m agus ba é méid iomlán na ndliteanas fabhraithe ná €264.9m. Ba é an toradh air sin ná barrachas comhlán de €16.9m agus cóimheas maoinithe (sócmhainní: dliteanais) de 106% amhail an 1 Eanáir 2018.

 Tá luacháil fhoirmiúil achtúireach ar siúl faoi láthair agus tabharfar chun críche í sna míonna amach romhainn. Léiríonn na meastacháin is fearr atá ann faoi láthair go mbeidh dliteanais sa réimse idir €269.3m agus €275.3m. Is ionann sócmhainní foriomlána an chiste agus €285.5m agus mar thoradh air sin tá barrachas comhiomlán idir €16.2m agus €10.2m nó cóimheas maoinithe idir 106% agus 104%.

 Ullmhófar na chéad luachálacha foirmiúla iomlána eile ar an 1 Eanáir 2024.

(c) FRS 102 – Alt 28 – “Sochair Fostaí”

 Rinne achtúirí neamhspleácha oibleagáidí sochair sainithe an Chomhlachta a luacháil chun críocha alt 28 de FRS 102 bunaithe ar shonraí arna gcur ar fáil le haghaidh luacháil achtúireach na scéimeanna amhail an 31 Nollaig 2020. De réir mar a éilítear de réir alt 28 de FRS 102, ullmhaíodh an luacháil agus úsáid á baint as modh luachála achtúirigh ar a dtugtar modh “na n-aonad creidmheasa réamh-mheasta”. Ós rud é go bhfuil na scéimeanna dúnta d’iontrálaithe nua, tá próifíl aoise na scéime ag dul in airde agus mar sin faoi mhodh na n-aonad réamh-mheasta rachaidh an costas reatha seirbhíse i méid de réir mar a bhogann baill den scéim i dtreo scoir.

Boinn Tuisceana Airgeadais

Ba iad na príomhbhoinn tuisceana airgeadais chun na hoibleagáidí sochair (dliteanais) a ríomh faoi alt 28 de FRS 102 ar dháta an Chláir Chomhardaithe ná:


31 Nollaig 2020

31 Nollaig 2019

Ráta úis arna chur i bhfeidhm ar oibleagáidí
sochair ar lascaine

0.95%

1.25%

Ráta réamh-mheasta an mhéadaithe ar thuarastail

0% i 2021, 2.5% le haghaidh 2022-2023, 3% ina dhiaidh sin

2.5% le haghaidh 2020-2022, 3% ina dhiaidh sin

Ráta réamh-mheasta an mhéadaithe ar phinsin arna n-íoc

1.35%

1.50%

Ráta réamh-mheasta an mhéadaithe arna gcur siar

1.35%

1.50%

Boilsciú ITB

1.35%

1.50%

Déantar an ráta lascaine arna úsáid chun an dliteanas pinsin a ríomh faoi threoir torthaí margaidh ar dháta an Chláir Chomhardaithe ar bhannaí corparáide ardchaighdeáin. Bíonn airgeadra agus téarma na mbannaí corparáide ar aon dul le hairgeadra agus téarma measta na n-oibleagáidí sochair. Ag féachaint ar fhad oibleagáidí sochair na scéime, glacadh ráta lascaine de 0.95% amhail an 31 Nollaig 2020.

Boinn Tuisceana Dhéimeagrafacha:

Tá na boinn tuisceana do bhaill maidir leis an ionchas saoil ag am scoir leagtha amach thíos:


2020

2019


Blianta Fir

Blianta Mná

Blianta Fir

Blianta Mná

Baill reatha ag 40 bliain d’aois (ionchas saoil ag 65 bliain d’aois)

24.9

26.8

24.7

26.5

Pinsinéirí reatha ag 65 bliain d’aois (ionchas saoil ag 65 bliain d’aois)

22.7

24.5

22.5

24.4

Sócmhainní Scéime:

Ba é leithdháileadh infheistíochta na sócmhainní ar dháta an Chláir Chomhardaithe ná:

Aicme Sócmhainne

Cion de shócmhainní na Scéime

amhail an 31 Nollaig 2020

Cion de shócmhainní na Scéime

amhail an 31 Nollaig 2019

Bannaí

91.12%

91.23%

Réadmhaoin

0.00%

0.03%

Eile

8.88%

8.74%





100.0%

100.0%

Socraítear an toradh ionchais ar shócmhainní sa mhéid is go bhfuil sé comhionann leis an ráta lascaine, faoi FRS102.

Ba é luach cóir na sócmhainní pinsin ar dháta an Chláir Chomhardaithe ná:


Luach cóir amhail an

31 Nollaig 2020

Luach cóir amhail an

31 Nollaig 2019


€’000

€’000

Bannaí

260,101

256,854

Réadmhaoin

-

90

Eile

25,362

24,591




Luach Cóir iomlán Sócmhainní

285,463

281,535

Seo a leanas na méideanna atá aitheanta sa ráiteas faoin staid airgeadais:


31 Nollaig 2020

31 Nollaig 2019


€’000

€’000

Luach cóir na sócmhainní scéime

285,463

281,535

Oibleagáid sochair sainithe

(229,751)

(233,491)




Sócmhainn sochair shainithe

55,712

48,044




Léirithe i ráitis airgeadais mar seo a leanas:



Infheistíochtaí – barrachas ar scéimeanna maoinithe (féach nóta 16)

55,712

48,044

Anailís ar na méideanna curtha san áireamh sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais


2020

2019


€’000

€’000

Costas (gan ús san áireamh)



Costas reatha seirbhíse

(1,233)

(1,204)




Glanchostas úis



Ioncam úis ar shócmhainní scéime

3,458

5,394

Ús ar oibleagáidí sochair scéimeanna pinsin

(2,855)

(4,325)

Glanioncam úis

603

1,069





(630)

(135)

Áirítear leis an muirear Brabúis agus Caillteanais an costas/creidmheas seo a leanas mar gheall ar athruithe ar fhorálacha plean:

Anailís ar na méideanna atomhais arna n-aithint in Ioncam Cuimsitheach Eile:


2020

2019


€’000

€’000

Toradh ar shócmhainní plean (gan ioncam úis san áireamh)

10,268

10,863

Éifeacht choigeartuithe taithí

2,495

1,565

Éifeacht athruithe ar bhoinn tuisceana

(4,569)

(17,640)




Iomlán na n-atomhas curtha san áireamh in Ioncam Cuimsitheach eile

8,194

(5,212)

Gluaiseacht sócmhainní scéime agus oibleagáidí sochair


Sócmhainní

€’000

Oibleagáidí sochair

€’000

Glanbharrachas

€’000

Amhail an 31 Nollaig 2018

274,124

(220,943)

53,181

Costas reatha seirbhíse

-

(1,204)

(1,204)

Creidmheas iarsheirbhíse

-

-

-

Ús ar oibleagáidí sochair scéime

-

(4,325)

(4,325)

Ioncam úis ar shócmhainní scéime

5,394

-

5,394

Toradh ar shócmhainní scéime (gan ioncam úis san áireamh)

10,863

-

10,863

Atomhas mar thoradh ar choigeartuithe taithí

-

1,565

1,565

Atomhas mar thoradh ar choigeartuithe taithí

-

(17,640)

(17,640)

Ranníocaíochtaí ball

304

(304)

-

Sochair arna n-íoc ón scéim

(9,360)

9,360

-

Ranníocaíochtaí fostóra

210

-

210





Amhail an 31 Nollaig 2019

281,535

(233,491)

48,044

Gluaiseacht sócmhainní scéime agus oibleagáidí sochair


Sócmhainní

€’000

Oibleagáidí sochair

€’000

Glanbharrachas

€’000

Amhail an 31 Nollaig 2019

281,535

(233,491)

48,044

Costas reatha seirbhíse

-

(1,233)

(1,233)

Creidmheas iarsheirbhíse

-

-

-

Ús ar oibleagáidí sochair scéime

-

(2,855)

(2,855)

Ioncam úis ar shócmhainní scéime

3,458

-

3,458

Toradh ar shócmhainní scéime (gan ioncam úis san áireamh)

10,268

-

10,268

Atomhas mar thoradh ar choigeartuithe taithí

-

2,495

2,495

Atomhas mar thoradh ar athrú ar bhoinn tuisceana

-

(4,569)

(4,569)

Ranníocaíochtaí ball

271

(271)

-

Sochair arna n-íoc ón scéim

(10,173)

10,173

-

Ranníocaíochtaí fostóra

104

-

104





Amhail an 31 Nollaig 2020

281,535

(233,491)

48,044

Measann an fostóir go mbeidh €0.1m á chur acu leis na scéimeanna pinsin i 2021.

Anailís Íogaireachta ar oibleagáidí Sochair Scéime:

Tá íogaireacht na hoibleagáide sochair sainithe d’athruithe ar na boinn tuisceana maidir le mortlaíocht leagtha amach thíos:


2020

Bonn Tuisceana Reatha

2020

-1 Bhliain

2020

+1 Bhliain

Ball Fir Reatha ag 40 bliain d’aois
(Ionchas Saoil ag 65 bliana d’aois)

24.9

24.0

25.8

Pinsinéir Fir Reatha ag 65 bliana d’aois
(Ionchas Saoil ag 65 bliana d’aois)

22.6

21.8

23.5

Oibleagáidí sochair (€’000)

229,751

220,991

238,491

Athrú ar oibleagáidí sochair (€’000)


8,760

(8,740)

% Athraithe (mar % den mhéid tosaigh)


3.8%

(3.8%)

Tá íogaireacht na hoibleagáide sochair sainithe d’athruithe ar an ráta lascaine leagtha amach thíos:


2020

2020

2020


Bonn tuisceana atá ann

-0.25%

+0.25%

Ráta Lascaine

0.95%

0.70%

1.20%

Oibleagáidí sochair (€’000)

229,751

238,454

221,589

Athrú ar oibleagáidí sochair (€’000)


(8,703)

8,162

% Athraithe (mar % den mhéid tosaigh)


(3.8%)

3.6%