Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais
29. Idirbhearta Páirtithe Gaolmhara
I gcomhréir le FRS102 tá an Comhlacht díolmhaithe ó nochtadh idirbheart le haonáin eile faoi úinéireacht an stáit.
Mar a luadh i nóta 1, tá aon ghnáthscair amháin i seilbh an Aire Airgeadais agus tá an chuid eile díobh i seilbh an Aire Iompair amhail an 31 Nollaig 2020.
Níor thug aon chomhalta Boird, a mbreathnófaí orthu mar pháirtí gaolmhar, ná baill den phríomhfhoireann bhainistíochta faoi aon idirbhearta ábhartha leis an gComhlacht i rith na bliana.
Mar a luadh i nóta 15, tá €2.7m dlite don Chomhlacht ó na cistí pinsin (2019: €2.4m).